Progress in Irish - Lesson 39
1. Tá an geimhreadh ann agus bím ar scoil gach lá. Dá mbeadh an samhradh ann, ní thiocfainn ar scoil gach lá. Rachainn cois farraige. Chaithfinn an lá i mo luí ar an trá. Rachainn a shnámh gach lá.
2. Tá mé go maith buiochas le Dia, agus tá mé ar scoil inniu. Dhá mbeadh tinneas orm, ní bheinn ar scoil. D'fhanfainn sa leaba. Chuifeadh mo mháthair fios ar an dochtúir. Thiocfadh an dochtúir. Scrúdódh sé mé. D'ordódh sé leigheas dom. Ní maith liom a bheith tinn.
3. "Tabharfaidh mé an t-airgead duit," ar seisean.
4. Duirt sé go dtabharfadh sé an t-airgead dó.
5. "Ceannóidh mé bróga nua duit," ar sise.
6. Dúirt sí go gceannódh sí bróga nua dom.
7. "Gheobhaimid reoiteog sa siopa sin," arsa Una.
8. Dúirt Úna go ngeobhaimis reoiteog.
9. Dúirt Seán go bhfeicfeadh sé amárach mé.